
Labhair Gaeilge linn!
Is breá linn Gaolainn ansa ag an 'Brandon Bay Run' agus is féidir dul i dteagmháil linn tri Ghaolainn más maith leat.
Ríomhphoist: [email protected]
Twitter: @BrandonBayRun
Instagram: @brandonbayrun
Facebook: The Brandon Bay Run.
Is breá linn Gaolainn ansa ag an 'Brandon Bay Run' agus is féidir dul i dteagmháil linn tri Ghaolainn más maith leat.
Ríomhphoist: [email protected]
Twitter: @BrandonBayRun
Instagram: @brandonbayrun
Facebook: The Brandon Bay Run.
Cad a bheidh ar siúl?
Beidh an rás uathúil an 'Brandon Bay run' ar siúl ar an 16ú de mhí Iúil ar an dtráigh timpeall Bá Bhreandáin, agus níl rás ar bith mar seo in Éirinn!!! Is féidir an cúrsa a rith nó a shúil agus níl ach €40, €30 nó €20 don cead isteach (€40 don leathmharatón / €30don 10k / €20 don 5k)! Táimid ag eagrú an rás ar an Satharn don fhéile Samhridh a bhíonn ar siúl i gCaisleán Ghriaire gach bliain, agus beidh go leor rudaí le déanamh sa cheantar ar an deireadh seachtaine sin. Mar sin, más maith leat a bheith ag rith amuigh faoin aer in áit comh aoibhinn ná ceantar Bá Bhreandáin & Caisleán Uí Ghriaire, is féidir clárú anois ar an leathnaigh bhaile thuas - bígí linn!!
An cúrsa
Beidh an rás ar siúl ar an dtráigh mór iontach atá timpeall Ba Bhreandáin agus beidh na rannpháirtithe ag tosnú agus ag críochniú san Fhaiche Mhór sna Machairí (os comhair Spillane's Bar & restaurant). Chun an leathmharatón a dhéanamh beidh na rannpháirtithe ag rith ó thaobh amháin don tráigh go dtí an taobh eile agus thar nais arís, agus an rud céanna don 10k - 5k amach agus 5k thar nais, agus don 5k freisin - amach 2.5k agus thar nais 2.5k!
An áit
Níl ríomh ar áilleacht na háite seo le tránna móra fada, sléibhte árda maorga agus gleannta gleoite glasa le feiscint ann. Tagann na sluaite daoine go Caisleán Ghriaire go bliaintúil chun taitneamh a bhaint as an dúlra agus ar an 16ú Iúil i mbliana beidh seans ag daoine an Brandon Bay Run a rith, tumtha san áilleacht nádúrtha sin. Beidh an fhéile áitiúil ar súil ag an am sin agus mar sin beidh atmaisféar bríomhar timpeall na háite agus gníomhaíochtaí éagsúla ag tarlú i ngach áít. Breis eolais faoi Chaisleán Ghriaire ansa: www.castlegregory.ie
An dáta
Beidh an rás ar siúl ar an 16ú Iúil 2022. Am TBC